4 Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,agus nochtaigí bhur n‑áthas dó.
5 Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruitagus le fuaim na cláirsí.
6 Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhaircedon Tiarna, ár Rí.
7 Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl,an domhan agus a maireann ann.
8 Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos;déanadh na sléibhte sult,
9 i bhfianaise an Tiarna atá ag teachta rialú na cruinne.Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir,agus na ciníocha go cothrom.