1 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith;tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.
2 Is mór é an Tiarna i Síón;tá sé i réim os cionn na gciníocha uile.
3 Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach;is naofa é agus [lán de chumhacht].
4 Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht.Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir;agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.